Tugann tob-thaispeántas cuireadh chuig an bpobal chun breathnú ar Intleacht Shaorga mar pháirt de Oíche Eorpach na dTaighdeoirí

26 September 2023

Cé más maith linn é nó nach maith, tá intleacht shaorga (IS) mar pháirt lárnach dár saol laethuil anois. Osclóidh taispeántas sealadach reáchtáilte ag an SFI ADAPT Centre le haghaidh Teicneolaíocht Ábhar Digiteach faoi Thionchar SI ar an 29ú Meán Fómhair (4-8in) agus tabharfaidh sé tuiscint ar ceann de na hábhair is conspóidí den bhliain – Intleacht Shaorga.  Tá an tob-thaispeántas mar pháirt d’ocáid START (Start Talking About Research Today) Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath chun Oíche Eorpach na dTaighdeoirí a cheiliúradh.

Mar chuid den taispeántas tá roinnt léirithe, suiteáin agus cainteanna leis na trí theanga oifigiúla na hÉireann le feiceáil – Gaeilge, Béarla agus Teanga Chomharthaíochta na hÉireann. Tá cuireadh tugtha don phobal chun teacht agus ‘Breathnú ar SI’ le taidheoirí atá ag obair ar an chuid is úire den teicneolaíocht claochlaitheach seo. Béidh rudaí ann le haghaidh gach aois agus béidh cuireadh tugtha do gach cuairteoir páirt a ghlacadh i dtrialacha taighde beo, i gcainteanna ar réimse ábhair a bhaineann le SI inár saolta, agus triail a bhaint as réaltacht fhíorúil agus go leor leor eile. Ligeann an ócáid seo le taighdeoirí a gcuid oibre a chur i láthair don phobal ag úsáíd teicnící idirghníomhach agus mealltach. Tá cead isteach don ócáid seo saor in aisce. Cláraigh

I méasc buaicphointí ár gclár i mbliana tá:

Ealalín nó IS? An Músaem de Fíor Nua-Ealalín

Tá uirlisí ealaíne IS-ghinte ar nós DALL-E, Midjourney agus Stable Diffusion ag athru an chaoi a mbreathnaíonn muid ar ealaín agus cruthaitheacht. Ach mar daoine daonna, cé chomh maith agus atá muid ag idirdhealú na clasaicí agus saothar ealalíne ginte ag meaisín? Cuireadh Ealalín nó IS? An Músaem de Fíor Nua-Ealalín ag smaoineamh thú agus tú ag piocadh amach an Daliís ó na DALL-Es.

Breathnaigh timpeall an gailearaí. Cur ceist ort féin, an seo ealaín meaisín nó mórshaothar Monet? Breac síos do fhreagraí agus seiceáil do scór. Roinn do chuid smaointí ar an teicneolaíocht seo atá ag forbairt go gasta: an bhfuil tada nach féidir le IS a dhéanamh? An bhfuil áit aige i measc ealaín agus cruthaitheacht? Cá fheiceann tú rudaí ag forbairt uaidh seo?

Uaidh fíorúil go fírinne… agus ar ais!

Caith píosa ama i gcorp abhatár fíorúil trí scáthlán IVR a chaitheamh. D’fhéadfaigh go mbeadh gnéithe sómatach diffriúla a bheith ag an abhatár ar nós dath craiceann, éadaí, cruth colainne, nó is féidir leis gníomhartha diffriúala a dhéanamh, ar nós bogadh agus an duine ina suí. Is féidir leis an seachmall seo éifeachtaí suibiachtúla nó fiseolaíocha a tionscain ar nós an brath go bhfuil tú ag bogadh nó athrú i ráta an chroí.

Caifé Aincheiste IS

Buail isteach chuig an Caifé Aincheiste IS le haghaidh caife, áit a mbéidh muid ag babhtáil caife le haghaidh comhrá faoin gcaidreamh atá ag daoine le IS. Spreagfaidh ár aincheistenna IS thú chun smaoineamh faoin teicneolaíocht a n-úsáídeann tú go laethúil agus an tionchar a bhíonn aige ar ár saolta agus ár gcaidirimh le daoine eile.   

PARADISE: IS agus Soithíochaíteas

Céard é soithíochaíteas agus cén chaoi a bhfuil IS ag cabhrú linn chun feabhas a chur ar cóir leighis le haghaidh daoine le soithíochaíteas? Léireoidh taighdeoirí an chaoi a ritheann fuil chuig na hórgáin trí fuileadán sláintiúil i gcomparáid le fuileadán athlasta le soithíochaíteas. Faigh amach cén chaoi a bhfuil modhanna IS dhá usáid chun suimeanna móra eolas faoi othair a bhainistiú agus a choimeád ar bealach sábháilte, chun cabhrú le dochtúirí galair uath-imdhíonachta a bhainistiú níos fearr. Tabhair dúinn bhur aiseolas faoi IS i méasc leigheas.

Aistriúchán Uathoibrithe idir Teangacha Labhartha agus Comharthaíochta

SignON, tionscadal Horizon 2020 maoinaithe ag an Eoraip, dírithe ar comh-cruthú agus breathnú ar aistriúchúchán uathoibrithe idir teangacha labhartha agus comharthaíochta. Cuireadh an foireann a gcuid taighde ar meaisín aistriúchán teanga chomharthaíochta i láthair, le taispeántas den teicneolaíocht, agus modhanna cruthaitheach a n-úsáideann an tionscadal chun aiseolas a fháil uaidh úsáideoirí an teicneolaíocht a bhfuil bodhar, faoi allaíre agus a bhfuil éisteacht acu.

That is the Question (Sin í an Cheist) 

Léiriú Shakespeare i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann le haghaidh daoine agus meaisíní. Is gearrscanánn é That is the Question ag meascadh eolaíocht agus drámaíocht chun breathnú ar an chaoi a d’aithneodh IS teanga chomharthaíochta. Le Alvean Jones agus Lianne Quigley, léiríonn That is the Question téacs Shakespeare aistrithe go Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, agus meascann sé isteach eilimintí de theicneolaíocht meaisín aistriúchán teanga chomharthaíochta. Léiríodh é mar pháirt den tionscadal Horizon 2020 maoinaithe ag an Eoraip SignOn, le tacaíocht uaidh Science Foundation Ireland.

Gin Téacsanna Vicipéid Nua as Gaeilge

A Chairde Gael, ar thriail tú ríomh alt nua a chur le Vicipéid (an leagan Gaeilge de Wikipedia)? Éiginnte conas tosú? Is féidir lenár n-uirlis cabhrú leat chun téacs gearr a tháirge go huathoibríoch a bhfuil tú in ann eagarthóireacht a dhéanmh air de láimh más gá, chun leathnach nua Vicipéid a chruthú. Neamhchosúil le ChatGPT, ní úsáídeann ár mhodh Samhaltán Teanga Mhór. Foghlaim faoin gcóras malartach, rial-bhunaithe a hionchódaíonn eolas gramadúil agus léacsach na Gaeilge. 

Scaoil Amach an Sárlaoch Ionat le Fís X-Ghathach RB!

Fáigh réidh le haghaidh eispéireas dochreidthe agus muid ag meascadh cumhachtaí sárlaoch le réaltacht bhreisithe (RB)! Léireoidh ár taispeántas taghde duit an meascán iontach de fís X-ghathach agus teicneolaíocht RB, ag tógáil do bhraistint go leibhéal nua ar fad! Breathnaigh tríd rudaí ar nós Superman a bhuí le teicneolaíocht próiseáil físe agus íomhánna ceannródaíoch. Ar nós spéaclaí X-ghathach an sárlaoch, ansin i do chuid lámha. Anois, samhlaigh na féidearthachtaí síoraí! I gcás cúrsaí leighis, is féidir le dochtúrí breathnú isitgh i gcoirp othair, ag déanamh diagnóis níos éasca agus cóir leighis níos cruinne agus is féidir le hinealltóirí breathnaigh isitigh i struchtúir agus trealamh gan aon fhadhb. Ach fós, tá go leor freagracht ag baint le go leor cumhacht! Tá muid ar an eolas faoi na himní eiticiúla, ná bíodh eagla oraibh, tá ár teicneolaíocht X-ghathach RB tiomanta do úsáid ​​freagrach agus cosaint sonraí. Tá do chuid rúin sábhailte linne! Bí réidh an sárlaoch atá ionat a scaoileadh amach agus tár linn ar aistear eachtrach!

eSTÓR- Teicneolaíocht Teanga Gaeilge

Seans go bhfuil eolas agat ar uirlisí ar nós Google Translate, ach cén chaoi na n-oibríonn aistriúchán idir Gaeilge agus Béarla? Faigh amach faoin gcaoi a bhailíonn suíomh eSTÓR sonraí teanga Béarla-Gaeilge chun feabhas a chur ar Teicneolaíocht Teanga Gaeilge. Tár agus breathnaigh ar suíomh eSTÓR agus foghlaim conas a n-úsáidtear na sonraí atá bailithe chun feabhas a chur ar an córas meaisí aistriúchán eTranslation. Ligeann eSTÓR le hacmhainní teanga a bheith bailithe, ullmhaithe agus roinnte le institiúidí poiblí agus ionaid aistriúchán.

Tá an ocáid seo saor in aisce agus oscailte don phobal. Sábháil an dáta agus cláriagh chun bheith linn ar an 29ú Meán Fómhair ó 4-8in. Cláraigh Anois!