Faigheann Dhá Thogra Teicneolaíochta na Gaeilge Maoiniú Breise ón Rialtas

08 October 2021

D’fhógair an tAire Stáit do Spórt agus an Ghaeltacht, Jack Chambers, maoiniú thar €350,000 do dhá thogra teicneolaíocht inniu in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá na tionscadail rathúla, GaelTech agus an Stáisiún Athsheachadta Náisiúnta na hÉireann, stiúraithe ag an Ionad ADAPT d’inneachair dhigitigh tiománaithe ag intleacht shaorga (IS) i DCU mar chuid den Fhondúireacht Eolaíochta Éireann.

Is mionteanga oifigiúil na hEorpa í an Ghaeilge atá rangaithe ag an EOECNA mar theanga ‘go cinnte i mbaol’. Díríonn an fhorbairt de theicneolaíochtaí de ghnáth ar phríomhteangacha domhanda cosúil leis an mBéarla, Sínis agus Spáinnis. Ligeann d’uirlisí ábhar inneachair dhigitigh tacaíocht a thabhairt do mhionteangacha sa slí chéanna trí chórais atá in ann an teanga a phróiseáil agus a thuiscint. Dá bhrí sin cabhraíonn sé le cainteoirí mionteangacha. Tá sé mar aidhm ag an dá thógra teicneolaíochta faoi stiúr ag an Ionad ADAPT i DCU tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus an chultúr go fadtéarmach agus an Ghaeilge a chomhcheangail leis an sochaí mhór.

GaelTech

Is tionscadal é GaelTech atá dírithe ar uirlisí próiseála agus acmhainní próiseála teanga nádúrtha a fhorbairt don Ghaeilge. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal oiliúint a chur ar fáil do ghlúin nua teicneolaí teanga na Gaeilge, agus sraith d’acmhainní ríthábhachtach a fhorbairt chun an riosca a bhaineann le díobhaidh dhigitigh sa Ghaeilge a mhaolú.

Ag labhairt faoin tionchar a bheidh ag an maoiniú ar thodhcaí na Ghaeilge a dheimhniú, dúirt Dr Teresa Lynn an ceannasaí taighde:”I saol an AI, meastar go bhfuil infheistíocht i dteicneolaíocht teanga mar chéim i dtreo teanga a chosaint i gcoinne an riosca go rachaidh sí as feidhm go digiteach sa todhchaí. De réir mar a éiríonn an teicneolaíocht níos forleithne inár saol laethúil, beidh orainn a chinntiú go leanfar d’úsáid dhigiteach ár dteangacha mionlaigh, chomh maith leis an oiliúint riachtanach dóibh siúd atá in ann tionchar ar imirt ar seo. Ar an gcúis sin, tá lúcháir orainn leis an bhfógra is déanaí go bhfuil tacaíocht leanúnach á tabhairt ag Rialtas na hÉireann do theicneolaíocht teanga na Gaeilge.”

Beidh an tionscadal taighde agus forbartha atá ar bun ó 2017, in ann leanúint ar aghaidh ar feadh dhá bhliain eile ag ligint do thaighdeoirí an éifeacht atá ag próiseáil uathoibríoch ilfhocal ar fheidhmchláir úsáideora amhail aistriúchán uathoibríoch (MT), uirlis a fhorbairt chun téacs Gaeilge a thuiscint ar na meáin shóisialta, agus an t-idirghníomhú uathúil idir an Béarla agus an Ghaeilge ar Twitter a fhiosrú.

Le tamall anuas tá méadú curtha ag na meáin shóisialta ar a scóip theanga a ligeann d’úsáideoirí an deis chun iad féin a chur in iúl in a dteanga féin agus aistriúcháin comhuaineacha seachas a gcuid féin a sholáthrú ag an am céanna. Leagann an gníomh seo an ghníomhaíocht agus spreagthach acmhainneachta do dhaoine nuair a fhaigheann teangacha tacaíocht dhigiteach.

An Stáisiún Athsheachadta Náisiúnta na hÉireann

Is é an dara tionscadal a bhainfidh leas as an maoiniú ná an Stáisiún Athsheachadta Náisiúnta na hÉireann. Ba é an NRS an chéad ardán go raibh cáipéisí teanga dátheangacha go náisiúnta ggus tá sé in úsáid ag daoine atá ag obair leis an nGaeilge chun sonraí teanga chun an inneall meaisínaistriúcháin a thraenáil agus sonraí teanga a uaslódáil go háit lárnach amháin. Is taighdeoirí in Ionad ADAPT a d’fhorbair an Stáisiún Athsheachadta Náisiúnta (NRS) tríd an tionscadal Bonneagar Acmhainní Teanga Eorpach (ELRI) atá maoinithe ag an Aontas Eorpach (2017-2019) Ag leanúint ó tionscadal ELRI, tá an Tionscadal PRINCIPLE arna chomhordú ag Leas-Stiúrthóir ADAPT, an tOllamh Andy Way, DCU. Beidh an Tionscadal PRINCIPLE ag bailiú tuilleadh sonraí oiliúna Béarla-Gaeilge chun caighdeán MT a fheabhsú.

De bharr an maoiniú breise rialtais seo, is féidir le DCU leanúint ar aghaidh ag óstáil an NRS go dtí deireadh 2022. Leanfaidh an stór lárnach seo do cháipéisí Béarla / Gaeilge ag tacú le forbairt na teicneolaíochta aistriúcháin don Ghaeilge ag leibhéal náisiúnta agus ag an am céanna leanfar le caighdeán na n-aistriúchán Gaeilge ó chóras MT an Choimisiúin Eorpaigh, eTranslation, a fheabhsú.

Dúirt an tOllamh Way ‘go mbraitheann córais MT uile ar shonraí ardchaighdeáin comhthreomhara – an abairt bhunaidh agus a aistriúchán – chun a chinntiú go bhfuil aistriúcháin ar ardchaighdeán ar fáil. Tá foireann MT ADAPT i DCU i dteagmháil le ranna rialtais éagsúla le fada an lá chun réimse de cháipéisí poiblí i nGaeilge a chur ar fáil do shaoránaigh ar fearr leo cumarsáid a dhéanamh trína dteanga fhéin, seachas go mbeidh orthu an t-eolas a aimsiú i mBéarla amháin. Ós rud é go bhfuil an NRS slán ar feadh tréimhse eile, is féidir leanúint ar aghaidh leis na bailiúcháin sonraí a tosaíodh in ELRI agus in PRINCIPLE, ionas go leanfar leis na córais MT atá againn a fheabhsú. Beidh deireadh ag teacht le maolú an AE ar an nGaeilge ag deireadh na mbliana mar sin tá an infheistíocht seo ón Rialtas an-tráthúil go deimhin”. 

 

Cuirfidh an maoiniú ag an rialtas ar chumas do GaelTech agus an Stáisiún Athsheachadta Náisiúnta na hÉireann leannúint ar aghaidh lena gcuid taighde agus forbraíocht ar feadh dhá bhliain eile.