Tionscadail nuálácha Gaeilge agus Intleachta Saorga seolta in DCU

21 November 2025

Sheol Dara Calleary T.D., an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, trí thionscnamh shuntasacha in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath inniu a neartóidh bonneagar digiteach na Gaeilge agus a chuirifdh le cumas an chóras oideachais plé leis an intleacht shaorga.

Gaois 

D’fhógair an tAire maoiniú €4 mhilliún sna ceithre bliana amach romhainn chun tacú le leathnú cúig thionscadal dhigiteacha Gaeilge atá á reáchtáil ag grúpa taighde Gaois in Fiontar & Scoil na Gaeilge. Cuirfear le Logainm, Bunachar Logainmneacha na hÉireann, trí shuíomh deirféar a fhorbairt a dhíríonn ar shráidainmneacha na hÉireann agus trí shonraí ó Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann a áireamh. Gheobhaidh Dúchas, an tionscadal chun Cnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú, i gcomhar le UCD, comhéadan poiblí athfhorbartha agus cuirfear ábhar físe leis den chéad uair. Cuirfear 500 uair an chloig de thaifeadtaí fuaime nua le Canúint, Taisce Chanúintí na Gaeilge, lena n-áirítear taifeadtaí ó Albain agus ó Oileán Mhanann. Déanfar Corpas, Corpas Náisiúnta na Gaeilge, a nuashonrú gach bliain le téacsanna úra agus cuirfear dhá fhochorpas nua leis. Gheobhaidh Ainm, an Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge, suíomh idirlín athchóirithe agus déanfar nuashonraú ar na beathaisnéisí is mó éileamh chun an scoláireacht is déanaí a léiriú.

eSTÓR

Is tionscadal maoinithe ag an Rialtas é eSTÓR (Sonraí Teanga Óstáilte i gcomhair Ríomhphróiseála) a chuireann ar chumas daoine atá ag obair sa riarachán poiblí ar fud na hÉireann, sonraí teanga a bhailiú agus a roinnt trí ardán tiomnaithe ar líne (estor.ie). Cuidíonn na sonraí teanga seo le feabhas a chur ar sheirbhísí aistriúcháin na hearnála poiblí trí Ghaeilge agus cinntíonn sé go gcuirtear níos mó seirbhísí poiblí ar fáil trí Ghaeilge, go náisiúnta agus san Eoraip. 

Inniu, d’fhógair an tAire maoiniú 900K sna trí bliana amach romhainn chun tacú le eSTÓR agus chun leanúint leis an taighde teicneolaíochta atá dírithe ar na tacaíochtaí digiteacha atá ar fáil don Ghaeilge a fheabhsú. Leis an maoiniú athnuaite seo, tá sé mar aidhm ag eSTÓR an bhearna sonraí teanga don Ghaeilge a laghdú, samhlacha nua teanga néaracha a fhorbairt atá saincheaptha don Ghaeilge, taighde bunaithe ar mheastóireacht agus modhanna meastóireachta agus tacair sonraí níos láidre a fhorbairt chun cabhrú le córais teanga IS ilchuspóireacha agus tascshonracha araon a thagarmharcáil.

Inniúlacht san IS sa Seomra Ranga 

Is mórthionscnamh oiliúna múinteoirí é Inniúlacht san IS sa Seomra Ranga faoi stiúir ADAPT, Ionad Taighde Éireann do Theicneolaíocht Ábhar Digiteach faoi thiomáint IS,  le tacaíocht ó Google. Ag cur lena  dtreoirthréimhse rathúil, déanfaidh an clár 500 múinteoir iar-bhunscoile breise agus 6,000 dalta ar fud na tíre a uas-sciliú anois, rud a chuideoidh le scoileanna dul i ngleic le húsáid eiticiúil, eolasach agus fhreagrach na hintleachta saorga. Le hInniúlacht san IS sa Seomra Ranga, tugtar aghaidh go díreach ar riachtanais scileanna práinneacha an aonaid forbartha múinteoirí Oide, ceannairí oideachais an Aontais, agus ceardchumainn múinteoirí, rud a chinntíonn go mbeidh na scileanna is gá ag oideoirí na hÉireann, agus ag a ndaltaí, chun go mbeidh rath orthu i dtodhchaí atá cumasaithe ag IS.

Ag labhairt dó ag seoladh an lae inniu, dúirt Dara Calleary T.D., an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta “Tá an-áthas orm go bhfuil mé in ann an maoiniú seo a fhógairt inniu do thionscadail Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá obair cheannródaíoch ar bun anseo ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge leis an méid atá ar siúl acu faoi thionscadal Gaois agus freisin ag Ionad Taighde ADAPT agus an obair ar eStór. De thoradh an taighde agus forbairtí sa teicneolaíocht atá ar bun anseo, is teanga de chuid an 21ú céad í an Ghaeilge. Mar Aire Sinsearach ar a bhfuil an phríomhfhreagracht as cur chun cinn na Gaeilge, táim bródúil as an obair atá ar siúl anseo de thoradh infheistíocht an Stáit.”

Dúirt an tOll. Anne Sinnott, Uachtarán Ionaid DCU,  “Mar a léiríonn tionscadail Gaois agus ADAPT, cuireann an teicneolaíocht deiseanna ar fáil dúinn agus cuireann sí réitigh ar fáil. Agus, cé go dtugann na tionscadail seo go léir aghaidh ar riachtanais éagsúla, léiríonn siad ar fad misean DCU i dtaca le saolta agus pobail a athrú chun feabhais.”