First National Digital Repository for Irish Language Data Launched

15 January 2021
First National Digital Repository for Irish Language Data Launched

Posted: 08/05/19

A new national digital repository for language data, called the ‘National Relay Station’ (NRS), which aims to improve machine translation for public bodies in Ireland and across Europe, was launched today by Dr Aodhán Mac Cormaic, Director of Irish at the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht. The National Relay Station is the first central platform to share bilingual language data nationally.

Developed by researchers at the ADAPT Centre, the world-leading SFI Centre for Digital Content Technology, at Dublin City University, the new online platform aims to improve the quality of Irish-language translations from the European Union’s automated translation system – eTranslation – whilst also helping to digitally support the Irish language.

The NRS will be used by public servants working with the Irish language to upload language data to one central location.  This central repository for English/Irish translation data will improve machine translation for the Irish language and aims to collect, prepare and share language resources with the ultimate aim to improve translation technology for public administration nationally and across Europe. Currently, there is no other facility that provides a central platform to share bilingual language data nationally.

At the launch event, by Dr Aodhán Mac Cormaic, Director of Irish at the Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht said: “In the digital age, it is hugely important that technological development in relation to the Irish language keeps pace with that of other languages.  This relay station is a vital piece of infrastructure as we seek to develop and improve the quality of machine translation for the Irish language, which will in turn lead to better communication and service provision in the language, at a national and European level.  The programme will also complement the work already being undertaken at national and EU level aimed at ending the derogation on the use of Irish in the institutions of the EU by the end of 2021.”

Speaking about the National Relay Station, Professor Andy Way from the ADAPT Centre said: “With translation from English to Irish becoming ever more important, this data collection initiative in Ireland is crucial to improving translation quality for public administrations in Ireland and further afield. The data we collect will be relayed to a larger European portal which collects data from all 24 official European languages in order to improve the eTranslation system.”

Established through the EU-funded European Language Resource Infrastructure (ELRI) project (http://www.elri-project.eu/), the launch of the NRS marks the culmination of a two year project. “We are proud to be involved in the set up of this historic national facility,” said Jane Dunne, Project Coordinator of ELRI project. “With Irish being an official language of the European Union, we are focused on developing technology that will sufficiently support it both at a national and European level.”

Some objectives of this research include:

  • Serving as a platform for the use of public servants working with the Irish language to upload language data to one central location.
  • Reduce national translation costs and to support the development of translation technology for the Irish language.
  • Improve the EU automated translation systems that are freely available to all public institutions.

The launch event took place in Tribeton, Galway and featured discussions on the use of Irish in public administration, Irish Language Technology, and the National Digital Strategy, as well a practical walkthrough of the NRS itself.

..//..

An Chéad Stór Digiteach Náisiúnta do Shonraí Gaeilge Seolta

Rinne an Dr Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, stór digiteach náisiúnta nua do shonraí teanga a sheoladh inniu. Tá sé i gceist go gcuirfidh an stór nua, ar a dtugtar ‘an Stáisiún Athsheachadta Náisiúnta’ (NRS), feabhas le cúrsaí ríomhaistriúcháin d’fhorais phoiblí in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Is é an Stáisiún Athscheachadta Náisiúnta an chéad ardán lárnach chun sonraí teanga dátheangacha a roinnt ar fud na tíre.

Ba iad lucht taighde ag Ionad ADAPT, an tIonad SFI atá ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le teicneolaíocht inneachair dhigitigh, in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a d’fhorbair an t-ardán nua ar líne seo. Tá sé i gceist go gcuirfidh sé feabhas le caighdeán na n-aistriúchán Gaeilge ó chóras ríomhaistriúcháin an Aontais Eorpaigh – eTranslation – agus ag an am céanna go gcuirfidh sé cúnamh digiteach ar fáil don Ghaeilge.

Beidh fostaithe sa tseirbhís phoiblí atá ag obair trí mheán na Gaeilge in ann an NRS a úsáid chun sonraí teanga a uaslódáil go dtí suíomh lárnach amháin. Cuirfidh an stór lárnach seo le haghaidh sonraí aistriúcháin Béarla/Gaeilge feabhas le cúrsaí ríomhaistriúcháin don Ghaeilge agus tá sé i gceist leis acmhainní teanga a bhailiú, a réiteach agus a roinnt leis an sprioc dheireanach go bhfeabhsófaí teicneolaíocht an aistriúcháin sa riarachán poiblí in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Faoi láthair, níl áis ar bith eile a thugann ardán lárnach chun sonraí teanga dátheangacha a roinnt go náisiúnta.

Ag labhairt dó ar ócáid an tseolta, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta: “Sa ré dhigiteach tá sé den ríthábhacht go mbeadh forbairt na teicneolaíochta sa Ghaeilge ag dul ar aghaidh céim ar chéim le teangacha eile an domhain. Cuid riachtanach den infreastruchtúr atá de dhíth atá sa stáisiún athsheachadta seo agus muid ag iarraidh caighdeán an ríomhaistriúcháin sa Ghaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú. Cuirfidh sé sin leis an gcumarsáid agus an soláthar seirbhísí sa teanga, go náisiúnta agus san Eoraip. Cuirfidh an clár leis an obair atá ar bun cheana féin ag an leibhéal náisiúnta agus AE atá dírithe ar an maolú ar úsáid na Gaeilge in institiúidí an AE a thabhairt chun deiridh faoi dheireadh na bliana 2021.”

Agus é ag trácht ar an Stáisiún Athsheachadta Náisiúnta, bhí a leanas le rá ag an Ollamh Andy Way ó Ionad ADAPT: “Agus béim níos mó i gcónaí ar an aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge tá an tionscnamh seo chun sonraí a bhailiú in Éirinn fíorthábhachtach chun feabhas a chur le caighdeán na n-aistriúchán don riarachán poiblí in Éirinn agus thar lear. Déanfar na sonraí a bhaileoimid a sheachadadh ar aghaidh go dtí tairseach mhór Eorpach a bhailíonn sonraí ó gach ceann den 24 teanga oifigiúil Eorpach, rud a chuirfidh feabhas leis an gcóras eTranslation.”

Bunaithe mar chuid den togra Bonneagar Acmhainní na dTeangacha Eorpacha (ELRI) atá maoinithe ag an AE (http://www.elri-project.eu/), tagann seoladh an NRS mar thoradh ar thogra dhá bhliain. “Táimid bródúil go raibh baint againn leis an áis náisiúnta stairiúil seo a chur le chéile,” a dúirt Jane Dunne, Comhordaitheoir Thionscadal an ELRI. “Is teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge, agus táimid dírithe ar theicneolaíocht a fhorbairt a thacóidh léi ag leibhéal náisiúnta agus Eorpach.”

Ar spriocanna an taighde seo tá a leanas:

  • Feidhmiú mar ardán d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí atá ag obair trí mheán na Gaeilge chun sonraí teanga a uaslódáil go dtí suíomh lárnach amháin.
  • Costais aistriúcháin náisiúnta a laghdú agus tacú le forbairtí i dteicneolaíocht an aistriúcháin don Ghaeilge.
  • Feabhas a chur le córais uathaistriúcháin an AE atá ar fáil gan bhac do gach foras poiblí.

Tharla an seoladh in Tribeton sa Ghaillimh agus mar chuid den ócáid tharla plé ar an nGaeilge sa riarachán poiblí, Teicneolaíocht sa Ghaeilge, an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach, chomh maith le léiriú praiticiúil ar fheidhmiú an NRS féin.

Share this article: